Skip to main content

 

Is í an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) ár gcomhpháirtithe sa chlár seo agus cuirfidh siad oiliuint agus forbairt ar fáil do na múinteoirí a bheidh páirteach sa tionscnamh seo. Bhí an SFGM bainteach le hullmhú an chláir Ceannairí don Todhchaí ag cur comhairle ar fáil faoi naisc churaclaim, ag cinntiú go bhfuil an clár ag teacht le clár na hIdirbhliana, ag neadú croíchoincheap na Litearthachta Fisiciúla, ag forbairt acmhainní oideachasúla agus ag cur oiliúint ar fáil do na scoileanna rannpháirteacha. Is í an SFGM an tseirbhís tacaíochta um fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí is mó sa tír agus cuireann an clár oiliúna do mhúinteoirí atá deartha acu don tionscnamh Ceannairí don Todhchaí go mór leis an gcleachtadh curaclaim agus measúnaithe i seomra ranga na hIdirbhliana mar a léirítear sna modúil thíos. Tá dlúthbhaint ag na modúil le roinnt gnéithe den churaclam, ag cur na Litearthachta Fisiciúla ach go háirithe chun tosaigh chomh maith le heochairscileanna na Sraithe Sóisearaí a chuimsiú.

“Tá foireann na SFGM thar a bheith sásta baint a bheith acu leis an tionscnamh nuálach seo a chuireann deiseanna iontacha ar fáil do dhaltaí forbairt a dhéanamh go hiomlanaíoch de réir phrionsabal chlár na hIdirbhliana.  Creidim go gcuireann an tionscnamh seo cosán foghlama cruthaitheach ar leith ar fáil do dhaoine óga le scileanna a shealbhú atá bainteach le spórt agus fosta atá inaistrithe ní hamháin trasna an churaclaim ach taobh amuigh den Idirbhliain féin. Is mór dúinn a bheith ag obair leis na scoileanna rannpháirteacha agus lenár gcomhghleacaithe sa CLG”.

Ciara O Donnell, Stiúrthóir Náisiúnta SFGM

 

Struchtúr an Chúrsa

  • Tá 7 modúl sa chlár.
  • Maireann gach modúl idir 6-10 n-uaire. Seasann gach modúl féin agus d’fhéadfaí teastas a bhronnadh orthu go hindibhidiúil.  Gheobhaidh daltaí Teastas CLG do gach modúl a chuirtear i gcrích.
  • D’fhéadfaí scoil rogha a dhéanamh modúl amháin nó níos mó a chur ar fáil. Dá gcuirfí gach modúl i gcrích móide Bliotsa /Ionad Sárchluichí CLG a eagrú ag na daltaí nó/agus daltaí níos óige a chóitseáil sa scoil nó i measc an phobail, ‘sé an toradh a bheidh air ná “Teastas Cheannairí don Todhchaí CLG na hIdirbhliana” a bhronnadh ar na daltaí.
  • Baineann an clár úsáid as Bogearraí Bhainistíocht Foghlama ó Thairseach Foghlama de chuid CLG leis an eolas a roinnt agus ríomhphunann ar líne a chur fáil do gach dalta le caipéisí agus tionscnaimh a stóráil agus a roinnt 

 

Leagan Amach Molta 

Déan seachadadh na Modúl a sceidealú roimh Shárchluichí/Ionad a eagrú

Eagraigh Ionad na Sárchluichí/ Scéim Chóitseála an Phobail idir Eanáir – Bealtaine

Modúil:

Gradam Bonnchóitseála CLG & Inniúlacht Fhisiciúil

           


Ceannairí don Todhchaí CLG na hIdirbhliana – Modúl faoi Réiteoireacht:

 


Ceannairí don Todhchaí CLG na hIdirbhliana – Modúl faoi Bhainistíocht Imeachtaí agus Riarachán

 


Ceannairí don Todhchaí CLG na hIdirbhliana – Modúl faoi Iriseoireacht Spórt

 


Ceannairí don Todhchaí CLG na hIdirbhliana – Modúl faoi Anailís Feidhmíochta       

   


Ceannairí don Todhchaí CLG na hIdirbhliana – Modúl faoi Chothú  

 


Ceannairí don Todhchaí CLG na hIdirbhliana – Modúl faoi Fholláine

 


Measúnú

  • De réir mar a chuireann daltaí na taisc do gach Modúl i gcrích, déanann siad an fhianaise agus na caipéisí bainteach leo a uaslódáil ar an ríomhphunann le haghaidh measúnaithe
  • Faigheann na daltaí teastas do gach modúl nuair a chríochnaítear gach tasc agus é uaslódáilte ar an ríomhphunann.