Táimid ar bís a fhógairt go bhfuilimid ag obair le Seachtain na Gaeilge 2026 chun scoileanna Ceannairí don Todhchaí / Future Leaders a spreagadh le himeacht Future Leaders a eagrú trí Ghaeilge le linn an dá sheachtain de Sheachtain na Gaeilge.
Ba mhaith linn mic léinn Future Leaders a fheiceáil ag cur a scileanna ceannaireachta agus eagraíochta i láthair, agus go háirithe a scileanna Gaeilge, trí cibé imeacht a roghnaíonn siad a chur ar siúl. Ná déan dearmad grianghraif agus físeáin de bhur n-imeachtaí a roinnt linn ar na meáin shóisialta – seans go mbeidh an chéad tráchtaire spóirt Gaeilge nó láithreoir TG4 i bhfolach i measc bhur bhfíseáin!
Tá go leor imeachtaí ann gur féidir libh a eagrú, mar shampla:
Imeachtaí Corr, Laethanta Spóirt, Imeachtaí Liathróid Láimhe, Dúshláin Aclaíochta idir ranganna, Blitzeanna CLG, Dúshláin Scileanna agud Pochraoltaí chun cúpla ceann a lua.
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 1ú go dtí an 17ú Márta, mar sin bígí cinnte bhur n-imeacht a eagrú agus a chur chun cinn idir na dátaí sin. Beidh duais de phacáiste trealaimh spóirt €300 le buachan gach seachtain ag na scoileanna is gníomhaí.
Chun seans a bheith agat ceann de na duaiseanna a bhuachan, eagraigh agus reáchtáil imeacht Future Leaders trí Ghaeilge. Cuir an t-imeacht chun cinn ar na meáin shóisialta le grianghraif agus físeáin (b’fhéidir cúpla dalta ag labhairt Gaeilge os comhair an cheamara!), clibeáil @gaafutureleader agus @SnaGaeilge, agus líon isteach sonraí an imeachta san fhoirm thíos:
